Programme 0003 – B1-Level Example – Pilot Programme

Clár 0003 – Sampla den leibhéal B1 – Clár Píolóta: This is a pilot episode. In this episode, to give an example of the concept and level, Aodhan reads slowly at B1 level. So, give it a listen and read. With practice, you can steadily improve!

A chairde,

Tá mé ag scríobh chugaibh le sibh a chur ar an eolas faoi thuras thar lear atá á eagrú ag an scoil le haghaidh dhaltaí Bhliain 4. Is go Grenoble na Fraince a bheimid ag dul i mbliana, tar éis dúinn a bheith i bpríomhchathair na tíre sin anuraidh.

Gheobhaidh sibh gach eolas faoin turas ar leathanach eile, ach ba mhaith liom cúpla pointe tábhachtach a dhéanamh ar dtús.
Cé go mbeidh an turas ar siúl le linn laethanta saoire na Samhna, ní sos iomlán ón scoil a bheidh ann. Is dóigh liom go gcabhraíonn turais mar seo go mór leis na daltaí ó thaobh an oideachais de.

Tá a fhios againn nach leor seachtain amháin chun feabhas rómhór a chur ar a gcuid Fraincise, ach beidh go leor imeachtaí suimiúla eile ar siúl acu chomh maith.
Ar ndóigh, is breá an aclaíocht í an sciáil agus tá siúlóidí agus imeachtaí spóirt le bheith ann freisin. Tá a fhios agam gur cuid mhór airgid €500. Níor mhaith linne go mbeadh brú ar dhaoine a gcuid páistí a chur ar an turas. Beidh roinnt daltaí as Bliain 4 ag fanacht sa bhaile, agusbeidh fáilte rompu páirt a ghlacadh sna himeachtaí spóirt agus sna ranganna breise a
bheidh ar siúl anseo sa scoil le linn shaoire na Samhna. Ní fhágfar aon duine amuigh! Mar sin de, léigí an leathanach eolais agus déanaigí teagmháil linn roimh dheireadh na míosa seo más mian libh áit a chur in áirithe do bhur n-iníon féin.

 

Clár 0003 – Sampla den leibhéal B1 – Clár Píolóta: tuilleadh eolais

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim? féach ar ár leathanach blag. Foghlaim an Ghaeilge go héasca le Fluent Irish.

“Unlock your inner Irish!”