Programme 0008 – News in simple Irish

 

Clár 0008 – Nuacht i ngaeilge simpli: In this episode – Aodhan reads the news in slow, clear Irish.

We cover a story on a Waterford library buying an historic Bible in the Irish language. Check it out and listen to it now.

You can see the transcripts on RTE Nuacht:

https://www.rte.ie/news/nuacht/2020/1001/1168787-dothain-airgid-bailithe-beagnach-le-biobla-bedell-a-cheannach/

 

Tá an méid airgid atá uaidh le chéad eagrán de Bhíobla Bedell a cheannach cóir a bheith bailithe ag leabharlannaí i bPort Láirge.

Aistriúchán Gaeilge ar an Sean-Tiomna atá sa Bhíobla cáiliúil a foilsíodh i dtosach sa bhliain 1685.

Is é Daniel Fleming coimeádaí Leabharlann Cotton in Ardeaglais Naomh Mochua i ndeoise Phrotastúnach an Leasa Mhóir, agus tá sé ag iarraidh an t-eagrán de Bhiobla Bedell a cheannach ó chomhlacht leabhar De Búrca i mBaile Átha Cliath.

Cheannaigh Éamonn De Búrca an Bíobla ar ceant i Sothebys agus tá sé ar díol aige ar €3,750.

Chomh maith le bheith ina leabharlannaí, is ministir tuata é an Pléimeannach agus is mian leis go mbeadh fáil ag an tréad agus an bpobal trí chéile ar an leabhar naofa.

 

Ag leanúint ar aghaidh…

Ó foilsíodh scéal ar Tuairisc.ie ag tús na seachtaine faoina fheachtas bailithe airgid, a deir sé, tá neart síntiús breise tagtha isteach.

Tá os cionn €3,000 bailithe aige cheana féin ar gofundme.com ach deir sé go bhfuil €1,000 eile ag teastáil leis an leabhar a athchóiriú.

Ba é an tEaspag William Bedell (1571-1642) a shocraigh go n-aistreofaí an Sean-Tiomna go Gaeilge agus cuireadh tús leis an obair thart ar an mbliain 1630.

Ainneoin chorraíl Éirí Amach na bliana 1641, tháinig lámhscríbhinní Bedell slán agus clóbhuaileadh an leabhar i Londain i 1685.

Meastar gur priontáladh thart ar 500 cóip agus is ceann acusan atá ar díol ag Éamonn De Búrca.

2,000 leabhar atá sa leabharlann in Ardeaglais Naomh Mochua. Ba é Henry Cotton, Déan an Leasa Mhóir idir 1834 agus 1849, a bhunaigh í.

Leabhair dhiagachta, eaglasta, stairiúla agus taistil atá sa bhailiúchán chomh maith le litreacha agus Bíoblaí éagsúla.

 

Clár 0008 – Nuacht i ngaeilge simpli: tuilleadh eolais

Want to learn more? see our blog page. Learn Irish easily with Fluent Irish.

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim? féach ar ár leathanach blag. Foghlaim an Ghaeilge go héasca le Fluent Irish.

“Unlock your inner Irish!” “Díghlasáil do chuid Gaeilge istigh!”