Programme 0009 – News in simple Irish

 

Clár 0009 – Nuacht i ngaeilge simpli: In this episode – Aodhan reads the news in slow, clear Irish.

We cover a story about local worry and stress about building many new homes in an Irish speaking area of County Waterford. The locals believe if too many homes are sold to holiday makers or non Irish speakers – the language will be under greater pressure. Check it out and listen to it now.

You can see the transcripts on RTE Nuacht:

https://www.rte.ie/news/nuacht/2020/1001/1168775-imni-faoi-fhorbairt-tithiochta-i-ngaeltacht-na-rinne/

 

Tá os cionn 40 aighneacht curtha chuig Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge maidir le hiarratas pleanála ar fhorbairt tithíochta i nGaeltacht na Rinne.

Tá sé beartaithe ag an gcomhlacht Shinebright Teo 46 teach a thógáil i Maoil an Choirnigh sa Rinn. Faoi láthair, tá timpeall 60 teach sa cheantar.

Tá aighneachtaí curtha faoi bhráid na Comhairle ag daoine aonair, grupaí pobail, Conradh na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta ag léiriú imní faoin dtionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhforbairt ar Ghaeltacht na Rinne.

Mhaígh fear áitiúil, Fionn Mac Giolla Chuda, a bhfuil aighneacht curtha isteach aige, gurb í seo an fhorbairt tithíochta is mó a beartaíodh riamh sa Rinn.

Dúirt Tomás Ó Céilleachair, atá ina chónaí in aice an tsuímh, go bhfuil an-imní air faoin dtionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhforbairt ar an nGaeilge sa Rinn.

 

Ag leanúint ar aghaidh…

Dúirt sé go mb’fhéidir go mbeadh na tithe díolta mar thithe saoire agus nach mbeadh aon cheangal ag na húinéirí leis an bpobal ná leis an dteanga.

Dar le Cárthach Ó Faoláin gur buille marfach a bheadh ann don dteanga dá dtabharfadh an Chomhairle cead pleanála don bhforbairt.

Creideann Údarás na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge gur cheart staidéar tionchair teanga a dhéanamh sula ndéanfaí aon chinneadh maidir leis an bplean.

Dúirt oifigeach pleanála teanga Chomhlacht Forbartha na nDéise, Conor McGuinness, go bhfuil aighneacht curtha isteach acu ag iarraidh go gcuirfí coinníoll teanga ar 80% de na tithe má thugtar cead pleanála dóibh.

Ba cheart an 20% eile a chur ar fáil do mhuintir na háite, a dúirt sé.

Tá súil le cinneadh ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge maidir leis an iarratas faoi cheann coicíse.

 

Clár 0009 – Nuacht i ngaeilge simpli: tuilleadh eolais

Want to learn more? see our blog page. Learn Irish easily with Fluent Irish.

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim? féach ar ár leathanach blag. Foghlaim an Ghaeilge go héasca le Fluent Irish.

“Unlock your inner Irish!” “Díghlasáil do chuid Gaeilge istigh!”