Programme 0012 – News in simple Irish

 

Clár 0012 – Nuacht i ngaeilge simpli: In this episode – Aodhan reads the news in slow, clear Irish.

We cover a story about Brexit and negotiations about fishing rights between the UK and the EU (courtesy of RTE):

Airgead scoit á thairiscint don Bhreatain as iasc a thógáil

Dúirt ionadaí an Aontais Eorpaigh Michel Barnier gur thairg sé go dtabharfaí ar ais don Bhreatain suas le 18% de phraghas an éisc a thógann ballstáit an Aontais in uiscí na tíre gach bliain.

Tógann báid an Aontais Eopaigh luach €650 milliún d’iasc in uiscí na Breataine gach bliain agus bheadh suas le €117 milliún de seo le fáil ag an mBreatain in airgead scoit faoin moladh atá déanta ag Michel Barnier.

Is é Michel Barnier príomh-idirghabhálaí an Aontais sna cainteanna atá ar bun faoi láthair féachaint le teacht ar chomhaontú trádála idir an dá thaobh.

Tá cúrsaí iascaireachta, iomaíochta agus rialachais ina gcnámh spairne i gcónaí agus tuairiscítear nach bhfuil móran dul chun cinn déanta ag lucht margála.

Níl fanta acu anois ach cúig seachtaine le socrú a dhéanamh.

Mura mbeidh comhaontú ann faoi sin, beidh cúrsaí trádála idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain san athbhliain fíoraimpléiseach agus anásta.

 

Clár 0012 – Nuacht i ngaeilge simpli: tuilleadh eolais

Want to learn more? see our blog page. Learn Irish easily with Fluent Irish.

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim? féach ar ár leathanach blag. Foghlaim an Ghaeilge go héasca le Fluent Irish.

“Unlock your inner Irish!” “Díghlasáil do chuid Gaeilge istigh!”