Programme 0010 – News in simple Irish

 

Clár 0010 – Nuacht i ngaeilge simpli: In this episode – Aodhan reads the news in slow, clear Irish.

We cover how the Irish post office service is under pressure from funding and financial issues. Check it out and listen to it now (courtesy of RTE):

https://www.rte.ie/news/nuacht/2020/0930/1168393-tacaiocht-stait-ag-teastail-laithreach-o-oifigi-poist/

 

Deirtear i dtuarascáil nua gur gearr go dtitfidh gréasán na n-oifigí poist as a chéile mura dtabharfaidh an Stát tacaíocht dó.

Is é Cumann na Máistrí Poist a rinne coimisiúniú ar an tuarascáil a chuir comhairleoiri gnó an chomhlachta Grant Thornton i dtoll a chéile.

Moltar go gcuirfí €17 milliún ar fáil gach bliain do na hoifigí poist mar nach bhfuil riar a riachtanais acu faoi láthair.

Ní mór an t-airgead seo a íoc gan mhoill, a deirtear, mar go bhfuil an baol ann go ndúnfar oifigí poist as éadan faoi dheireadh na bliana seo chugainn dá uireasa.

Maítear gur oifigí poist i mbailte móra agus faoin tuath araon atá i mbaol.

I ráiteas, dúirt An Post go bhfuil rath ar a gcuid seirbhísí faoi láthair – idir ghréasán na n-oifigí poist agus an gréasán seachadta poist.

Dúradh sa ráiteas cé go dtuigeann an comhlacht go bhfuil dúshláin go leor ag máistrí poist neamhspleácha go mbaineann ceist an airgid leis an Rialtas agus na máistrí poist féin.

D’fhógair An Post níos túisce i mbliana go ndearna an comhlacht brabach €39 milliún anuraidh.

 

Clár 0010 – Nuacht i ngaeilge simpli: tuilleadh eolais

Want to learn more? see our blog page. Learn Irish easily with Fluent Irish.

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim? féach ar ár leathanach blag. Foghlaim an Ghaeilge go héasca le Fluent Irish.

“Unlock your inner Irish!” “Díghlasáil do chuid Gaeilge istigh!”