Clár 0011 – Nuacht i ngaeilge simpli
Programme 0011 – News in simple Irish
Clár 0011 – Nuacht i ngaeilge simpli: In this episode – Aodhan reads the news in slow, clear Irish.
We cover a political scandal involving the Sinn Fein party (courtesy of RTE):
Tá Elisha McCallion ó Shinn Féin éirithe as an Seanad i bhfianaise conspóide faoi íocaíochtaí Covid-19 a tugadh d’oifigí an pháirtí sa Tuaisceart. Tá beirt ionadaithe eile ó Shinn Féin éirithe as a gcuid dualgas chomh maith.
Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur éirigh an triúr as mar gheall nach raibh na hoifigí i dteideal na ndeontas.
Thug Mary Lou McDonald le fios go raibh an Seanadóir McCallion agus an bheirt eile freagrach as cuntais na n-oifigí sin agus gur cheart an t-airgead a bheith tugtha ar ais acu.
Baill den pháirtí in Ard Mhacha agus i dTír Eoghain atá sa bheirt eile.
Dúirt Mary Lou McDonald gur scéal tromchúiseach a bhí ann agus ghabh sí leithscéal faoi iompar an triúir.
I ráiteas, ghabh Elisha McCallion a leithscéal freisin agus dúirt sí nár iarr sí an t-airgead agus nach bhfuair sin aon chomhfhreagras faoi ón Roinn Eacnamaíochta ó thuaidh.
Mar sin féin, a dúirt sí, ba chóra di an scéal a fhiosrú sular tarraingíodh a haird air Dé Luain seo caite.
Íocadh an t-airgead ar fad ar ais Dé Máirt, a dúirt sí.
Beidh fothoghchán Seanaid ann le suíochán Elisha McCallion a líonadh.
Clár 0011 – Nuacht i ngaeilge simpli: tuilleadh eolais
Want to learn more? see our blog page. Learn Irish easily with Fluent Irish.
Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim? féach ar ár leathanach blag. Foghlaim an Ghaeilge go héasca le Fluent Irish.
“Unlock your inner Irish!” “Díghlasáil do chuid Gaeilge istigh!”