Clár 0013 – Nuacht i ngaeilge simpli
In this episode – Aodhan reads the news in slow, clear Irish.
We discuss a story about an Irish language book that has won an award.
Teaglaim gearrscéalta ina Leabhar Gaeilge na Bliana
Bronnadh gradam Leabhar Gaeilge na Bliana ar an gcnuasach gearrscéalta Cnámh le hEoghan Mac Giolla Bhríde ag mórghradaim litríochta An Post i mBaile Átha Cliath aréir.
Seo an tríú cnuasach gearrscéalta ó pheann Eoghain Mhic Giolla Bhríde – scríbhneoir, foilsitheoir agus aisteoir as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall.
Seacht ngearrscéal déag atá sa leabhar a cheistíonn an saol agus a thugann léargas ar lochtanna agus laigí an duine.
Deir Eoghan go bhfuil súil aige anois go mbeidh tóir ar an leabhar i measc léitheoirí nach gcloisfeadh tada faoi murach an gradam seo a bheith faighte aige.