In this episode – Aodhan reads the news in slow, clear Irish.

We cover a short news article about a new laboratory in County Donegal.

https://www.rte.ie/news/nuacht/2020/1204/1182363-randox-le-saotharlann-nua-tastala-a-thogail-i-ndun-na-ngall/

 

Randox le saotharlann nua tastála Covid-19 a thógáil i nDún na nGall

 

Tá sé deimhnithe ag an comhlacht Randox ar an gClochán Liath i gContae Dhún na nGall go bhfuil siad le saotharlann nua tástála Covid-19 a thogáint ar an láthair oibre ar an gClochán Liath.

Tá sé i gceist ag Randox suas le 30,000 tástáil a dhéanamh in aghaidh an lae.

Dúirt an Dr. Peter Fitzgerald, stiúrthóir an chomhlachta go bhfuil súil acu tús a chur leis an tástáil i Mí Eanáir.

Cruthófar 50 post breise sa chomhlacht ina bhfuil 110 duine fostaithe ann cheana féin.

Tá Randox ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó atá ag Údarás na Gaeltachta agus ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó a chuireann fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht.