Ar mhaith leat a bheith ag obair linne? – Would you like to work with us and record some podcasts?
Bím ag lorg daoine nua an t-am ar fad chun cuidiú linn agus podchraoladh a taifeadadh.
Má tá Gaeilge líofa, nádúrtha agat – agus suim agat i gcur chun cinn an teanga – tá seans iontach agat podchraoladh a dhéanamh!
Na buntáistí:
Beidh sé seans iontach agat cleachtadh a fhail ar an chraoltóireacht agus múinteoireacht.
Beidh cuid mhór daoine ag éisteacht leatsa – agus cuirfidh muid nasc soiléir chuig do mheán sóisialta.
Má tá tú ag obair le Italki nó Duolingo – nó macasamhail – cuirfidh muid nasc chuig na suímh fosta. Beidh sé mar mhargaíocht faoi choinne na seirbhísí sinn.
Cad atá muid ag lorg:
Caithfidh Gaeilge nádúrtha, líofa a bheith agat.
Ba chóir duit caint go soiléir, is go mall – na bí ro-gasta.
Bí ag caint go simplí, ach go nádúrtha – éist le sampla de na podchraoltaí faoi choinne an leibhéal ceart.
Caint ar topaic shuimiúil. Má tá suim agat sa topaic – beidh suim ag daoine eile inti fosta.
Caithfidh muid eagarthóireacht a dhéanamh ar gach píosa – caithfimid ar fad cloí leis na rialacha, le meon FluentIrish, Dlí na hÉireann is tíre eile agus go bhfuil an caighdeán ceart ag an taifeadadh.
Bí I dteagmháil linn
Má tá suim agat a bheith ag obair linn, nó da mbeadh ceist ar bith agat– cuir ríomhphoist chugainn ar eolas@fluentirish.com le sampla I MP3.