Programme 0001 – A1-Level Example – Pilot Programme

Clár 0001 – Sampla den leibhéal A1 – Clár Píolóta: This is a pilot episode to give an example of the concept and level, Aodhan reads slowly at A1 level.

Tá mise agus Ciarán ag dul ag féachaint ar árasán eile anocht – i mBaile na Craoibhe. Sílim go bhfacamar fiche árasán le coicís anuas! Thaitin cúpla ceann go mór liom ach ní raibh Ciarán sásta le ceann ar bith acu.

“Tá sé ródhaor” nó “ Tá sé róbheag.” Sin a deir sé an t-am go léir. Níl sé sin fíor mar níl ann ach an bheirt againn anois ó chuaigh an iníon is óige againn go Ceanada. Sílim gur mhaith leis a bheith ina chónaí faoin tuath, díreach mar atá a thuismitheoirí féin.

Ach níl mise sásta leis sin. Is féidir leisean a bheith ag obair sa bhaile, ach bíonn lá fada go leor agamsa leis na páistí sa rang.
Bím tuirseach, agus níor mhaith liom turas fada isteach chun na scoile gach lá. Deir Ciarán, “Tá Baile na Craoibhe go maith don bheirt againn. Níl sé rófhada ón gcathair ach is baile beag deas atá ann. Tá na daoine an-chairdiúil ar fad. Beidh mise ábalta seinm sna seisiúin cheoil sna tithe tábhairne agus beidh tusa ábalta dul ag snámh san fharraige.” Ach níl mé cinnte fós. Níl aithne againn ar aon duine ann agus cá bhfuil na pictiúrlanna agus na bialanna?

 

Clár 0001 – Sampla den leibhéal A1 – Clár Píolóta: tuilleadh eolais

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim? féach ar ár leathanach blag.